Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 20:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus chuir sé seirbhíseach eile arís. Acht bhuail siad é sin fosta, agus i ndiaidh droch-íde a thabhairt dó, chuir siad ar shiubhal folamh é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.

Féach an chaibidil



Lúcás 20:11
8 Tagairtí Cros  

Agus arís do chuir sé searbhónta eile chuca; agus do ghoineadar eisean sa gceann, agus thugadar tarcuisne dhó.


Agus sa tséasúr do chuir sé searbhónta chum na scológ, go dtiubhraidís cuid de thoradh an fhíonghuirt dó: acht do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é.


Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é.


Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige;


acht tar á éis dúinn fulang roimhe sin, agus masla náireach d’fhágháil i bhFilipí, mar tá a fhios agaibh, gur éirigheamar dána ’n‐ár nDia chum soiscéal Dé do sheanmórú dhaoibh i lár toirmisc mhóir.