Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig.
Matha 7:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thuit an bháisteach, agus tháinig na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus thuit sé; agus ba mhór a thuitim. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha, agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus do thuit sé: agus ba éachtach é a thuitim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thuirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuáileadar air an ttigh úd; agus do thuit sé: agus bá mór a thuitim. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.” An Bíobla Naofa 1981 thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.” |
Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig.
Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh;
Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg.