Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Matha 26:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbheadh orm bhas d’ fhághail i n-aonfheacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deisceabail uile mar an gcéanna. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir Peadar leis: Bíodh go mb’éigean damh bás d’fhagháil i n-aoinfheacht leat, ní shéanfaidh mé thú. Agus ba mar an gcéadna a labhair na deisciobail go h-uile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir Peadar ris, Go deimhin más éigin damh bás dfulang ad fhóchair, ní shéanfa mé thú. Agus a dubhradar na deisciobuil uile mar an gcéadna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna. |
Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Dubhairt Peadar leis: Cad ’n-a thaobh nách féidir dom thú a leanmhaint anois? Tabharfad m’anam ar do shon.