Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 24:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir cun cinn.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Amén adeirim libh, nach n-imtheochaidh an ghlúin seo, go dtí go ndéantar na neithe seo uilig.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Go fírinneach adeirim libh, Ní imtheochaidh an ghlún seo go dtiocfaidh na neithe seo uile chum críche.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A deirim ribh go firinneach, Nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithe si uile.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

Féach an chaibidil



Matha 24:34
7 Tagairtí Cros  

Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.


I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain.