Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh.
Matha 19:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta na bhflathas. An t-é go dtig leis a ghabháil, gabhadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tá coillteáin ann a rugadh mar sin ó bhroinn a máthar, agus tá coillteáin ann a ndearna daoine amhlaidh iad, agus tá coillteáin ann a choill iad féin mar gheall ar ríoghacht na bhflaitheas. An té a dtig leis a ghlacadh, glacadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá coillteáin ann do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar: agus atá coillteáin ann gur choill daoine iad: agus atá coillteáin ann do choill iad féin ar son ríoghachta na bhflaitheas. An té gur féidir leis a ghlacadh, glacadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir a táid dáoine coillte noch a rugadh mar sin as broinn a mathar: agus a taíd cailltéanuigh, a gar bheanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuigh, do bhean asda féin ar son na rióghachda neamhdha. Gidh bé fhéadus a ghabháil chuige, gabhadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son Ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!” An Bíobla Naofa 1981 Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!” |
Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh.
Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil ghá gcosg.