Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
Matha 15:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼimigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar imtheacht as sin do Íosa, chuaidh sé isteach go críocha na Tiora agus na Sídoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus do chuaidh sé isteach i gcríochaibh Thuire agus Shídóine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus agus Shídon. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shiodón. An Bíobla Naofa 1981 Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. |
Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.