Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg?
Matha 15:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ná bainigí leo; is iad na treoraithe dalla iad. Má threoraíonn dall dall, titfidh siad ar aon i bpoll.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná bacaigidh leo sin: is daill agus treoruidhthe dall iad; agus má bhíonn dall ag treorughadh daill, tuitfidh siad araon isteach i bpoll. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad. Agus ma thréoruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.” An Bíobla Naofa 1981 Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.” |
Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg?
Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir a chíonn.