Matha 12:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara San am sin chuaidh Íosa fríd na guirt arbhair ar an tsabóid: agus mar go raibh ocras ar a dheisciobail, thoisigh siad a phiocadh na ndias, agus á n-ithe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ins an am sin do chuaidh Íosa tré ghortaibh cruithneachtan, lá na sabóide; agus do bhí ocras ar a dheisceablaibh, agus do thosnuigheadar ar na diasaibh do stothadh, agus d’ithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúaidh Iósa fá námsin an sá tsáoire third na gortaibh; agus do bhí ocras air a dheisgiobluibh, agus do thionnsgnadar déasach do bhúain, agus a nithe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus dá n-ithe. An Bíobla Naofa 1981 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. |