Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig agus Ióseiph, agus Salómé;
Lúcás 24:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach an chéad lá de’n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar an gcéad lá den tseachtain, le scaradh oíche agus lae le chéile, chuaigh siad faoi dhéin an tuama, agus iad ag iompar leo na spíosraí a bhí ullmhaithe acu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, go fíor-luath ar maidin, tháinic siad go dtí an tuamba, ag tabhairt leo na spíosraí a d’ullmhuigh siad, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghlacadar a suaimhneas, lá na sabóide, de réir na h‐aithne. Acht an chéad lá de’n tseachtmhain, le fáinniú an lae go moch, thángadar go dtí an tuama, agtabhairt na spíosraidh do bhí ullmhuighthe aca leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an céadlá don tseachdmhuin, tangadar go romhoch ar maidin, chum an túama, ag tabhairt léo na neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar, agus mná áirighe eile maille ríu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. An Bíobla Naofa 1981 An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. |
Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig agus Ióseiph, agus Salómé;
Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí ’n-a bhfochair, a d’innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh.
Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn,