Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh.
Lúcás 22:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar seisean leo, “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan mhála gan bhróga, an raibh easpa aon ní oraibh?” Agus dʼfhreagair siad, “Ní raibh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh díth aoin ruda oraibh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Nuair do chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bróga, an raibh éinnidh i n‐easnamh oraibh? Agus adubhradar, Ní raibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán, gan tiachóg, gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?” |
Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh.
Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó:
Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh.
Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh;