Lúcás 22:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Bíonn smacht ag ríghthe na gcinidheach ortha, agus iad sin a mbíonn cumhacht acu ortha, goirtear daoine deigh-ghníomhacha díobh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Gabhann righthe na gCineadhach forlámhas ortha; agus goirthear daoine flaitheamhla dhíobh‐san go bhfuil cumhacht aca ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, ‘tíolaiceoirí’ a ghlaotar orthu. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, tíolaiceoirí a ghlaoitear orthu. |