Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 15:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod’ tailimh ag cothú mhuc.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus chuaigh sé ar fostú ag saoránach de chuid na tíre úd, agus chuir seisean amach faoi na páirceanna é a thabhairt aire do mhuca.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’imthigh sé agus ghreamuigh de dhuine de mhuinntir na tíre sin. Agus chuir seisean go dtí a fheirm é, a bheathughadh muc.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé ar aimsir le duine de lucht áitreibh na tíre sin; agus do chuir seisean amach é fá’n tír ag buachailleacht muc.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do imigh sé roimhe agus do cheangal sé e fein do chaithruightheóir don tír sin; noch do chuir fána dhúitche a mach é do bhúachuilleachd muc.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼimigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht muc.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.

Féach an chaibidil



Lúcás 15:15
27 Tagairtí Cros  

Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.


Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne.


Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba.


Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad.