Iósua 21:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fúaradar an chuid oile do chloinn Chohat le crannchar ó mhuintearuibh threibhe chloinne Ephraim, agus ó threibh Dan, agus ó leiththreibh Mhanasseh, deich gcaithreacha. An Bíobla Naofa 1981 An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise. |
Agus do mhacaibh Cohat, noch do fágbhadh do shliochd na treibhe sin, as an leiththreabh, eadhon as leath Mhanasseh, tugadh deich ccaithreacha re crannchar.
¶ Agus ó Chohat bhádar muinntear na Namramíteach, agus muinntear na Niseharíteach, agus muinntear na Nébróníteach, agus muinntear na Nuisielíteach: is íad so muinntear na Gcohatiteach.
Agus taínic an chrannchar amach ar mhuinntearuibh na Gcohatíteach: agus fúaradar clann Aaron an sagart, noch do bhí do na Lebhítibh, le crannchar ó threibh Iúdah, agus ó threibh Símeon, agus o threibh Beniamin, trí caithreacha doag.
Agus fúaradar clann Gherson le crannchar ó muinntearuibh threibhe Issachar, agus ó threibh Aser, agus ó threibh Naphtali, agus ó leiththreibh Mhanasseh ann Basan, trí caithreacha déug.