Iósua 19:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fillidh ó Shárid don táoibh shoír leath re héirghe gréine go brúach Chislot‐tabor, agus annsin teíd amach go Daberat, agus téid súas go Iaphia, An Bíobla Naofa 1981 Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia. |
Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.
Agus do chúaidh an tteóra súas leath ris an bhfairge, agus re Marala, agus ráinic go Dabbaset, agus do shín go nuige an sruth atá as coinne Iocneam;
Agus teíd as sin ar fad an táobh shoir go Gitah‐hepher, go Hitacaisin, agus teíd amach go Remon‐metoar go Neah;
Agus sínidh an cósta go Tábor, agus go Sahasimah, agus go Bet‐semes; agus do bhí dula amach a tteórann ag Iordan: sé caithreacha deúg gun a mbailtibh.
Agus do fhoillsigheadar do Shisera go ndeachaidh Bárac mhac Abinoam súas go slíabh Tábor.
Agus do chuir sí fios, agus do ghoir sí Bárac mhac Abinoam amach as Cedesnaphtali, agus a dubhairt sí ris, A né nar aithin an TIGHEARNA Día Israel, Eirghidh agus tarruigh leath ré slíabh Tábor, agus beir leachd deich míle fear do chloinn Naphtali agus do chloinn Sebulun?