Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Títeas 3:9 - An Bíobla Naofa 1981

Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach ná bain le díospóir-eachtaí amaideacha agus le craobhacha ginealaigh agus clampar agus cathanna i dtaobh an dlí, ó nach mbíonn tairbhe ná toradh ag teacht astu.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

acht seachain baoith‐cheisteanna, agus geinealaigh, agus aighneas, agus conspóidí i dtaobh an dlighe; óir atáid gan tairbhe, gan éifeacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu.

Féach an chaibidil



Títeas 3:9
10 Tagairtí Cros  

An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe?


Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.


An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.


Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.


Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.


Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad


Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú.


in ionad iad bheith ag tabhairt cluaise d'fhinscéalta Giúdacha agus do rialacha daoine a thugann cúl leis an bhfírinne.


Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?