Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.
Títeas 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuirim fios ort le hArtemas nó le Ticicus, déan do dhícheall le teacht in airicis orm i Nicopolis, ó tá rún agam an geimhreadh a chaitheamh ansin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nuair chuirfead Artemas chugat, nó Tichicus, déan do dhícheall chum teacht chugam go Nicopolis; óir is ann atá ceaptha agam an geimhreadh do chur tharm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deitheas ré theachd chugam go Nicopolis: óir is ann sin do chuir mé romhan an geimhreadh chaitheamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaigh-se chugam go Niocapoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. |
Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.
agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad b'fhéidir, agus ansin féadfaidh sibhse mé a thionlacan cibé bealach a ghabhfaidh mé.
Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.
Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna
Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat.