Seanfhocal 9:1 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a teach tógtha ag an Eagna, agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do rinne a neagna a tigh, do ghéarr sí amach a seacht bpiléir: |
Rinne sé Halla na gColún, leathchéad banlámh ar fhad agus tríocha banlámh ar leithead... agus póirse os a chomhair amach.
Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna, agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;
Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.
Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.
i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.
An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.