Seanfhocal 7:5 - An Bíobla Naofa 1981 Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Chor go ccoimhéadfuid thú air an mnaói choimhighidh, air an ccoimhthigheach spleadhnighios lé na bríathraibh. |
Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.
Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú, agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná?
[Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,] óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo agus is míne a beola ná ola.
Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh.
Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,” agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,