Seanfhocal 6:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ná lig codladh ar do shúile, ná suaimhneas ar d'fhabhraí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná tabhair codhladh dot shúilibh, nó táimhnéul dforrdhubhuibh do shúl. |
“Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam; d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”
Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).