Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
Seanfhocal 21:3 - An Bíobla Naofa 1981 An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is taitneamhuigh don TTIGHEARNA ceart agus breitheamhnus do dhéanamh ná iodhbairt. |
Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
Ní de bharr d'íobairtí a cháinim thú: bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.
Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.
“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair.
É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”
Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.