Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Rut 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: “Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.” “Imigh leat, a iníon ó,” ar sise léi.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt Rút an Moabíteach re Naomi, Léig dhamhsa a nois dul fan machaire, chum déasa arbha do dhioghluim a ndiáigh an té a bhfagha mé grása iona radharc. Agus a dubhairt sisi ría, Imthigh a inghean.

Féach an chaibidil



Rut 2:2
9 Tagairtí Cros  

D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”


Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.


Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.


Ag baint an fhómhair de bhur n‑ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair.


Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.”


D'imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d'fhine Eilímeilic, den ithir.


agus dúirt sí: ‘Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.’ Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.”


Agus dúirt sise: “Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.” Ansin d'imigh an bhean léi; [d'fhill sí ar an halla], d'ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó.