Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Rut 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do ghabhadarsan mná chuca fein do mhnáibh Mhóab; Orpah dob ainm do mhnaói dhíobh, agus Rút ainm na mná oile: agus do chomhnuigheadar annsin timchioll dheich mblíadhan.

Féach an chaibidil



Rut 1:4
7 Tagairtí Cros  

Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.


ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;


Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.


Ná déan cleamhnas leo; ná tabhair iníon leat do mhac díobh, agus ná tóg iníon leo do mhac leat.


D'éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac.


Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear.