Ach dúirt Náoimí: “Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh?
Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: “Fill abhaile ar d'athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá” - mar is é a bhí ina aigne aige: “Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.” D'imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.
Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir.
“Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith.
Filligí, a iníonacha; imígí libh mar táimse róaosta le pósadh ar ais. Fiú dá ndéarfainn go bhfuil dóchas agam fear a fháil anocht féin, agus clann mhac breise a bheith orm,