Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t‑ainm Sucót (Scáileáin).
Nihimiá 8:14 - An Bíobla Naofa 1981 Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fúaradar scríobhtha annsa dligheadh noch do aithin an TIGHEARNA tré Mhaóise, go ndeindís clann Israel comhnuigh a mbothuibh a bhféasta an seachtmhadh mí. |
Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t‑ainm Sucót (Scáileáin).
Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;
An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí.
“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.