Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1b chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D'iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d'aithin an Tiarna d'Iosrael a thabhairt amach.
Agus do chruinnigh an pobal íad féin a bhfochair a chéile amhuil áonduine annsa tsráid do bhí as coinne gheata a nuisge; agus do labhradar re Hesra an scribhneóir do thabhairt leabhair dhlighe Maoise leis, noch do aithin an TIGHEARNA do Israel.
Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.
Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus Léivítigh agus an pobal go léir idir uasal agus íseal. Léigh sé amach i gcomhchlos dóibh, gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.
Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d'Iosrael.
Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d'Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.
ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.
Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,
D'éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.