Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 3:16 - An Bíobla Naofa 1981

Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ná dhiaigh sin Nehemiah mhac Asbuc, úachdarán leathchoda do Bhetsur, do leasuigh sé go nuige a náit thall as coinne thúama Dháibhi, agus go nuige an lochán do rinneadh, agus go tigh an chumhachduigh.

Féach an chaibidil



Nihimiá 3:16
18 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?


Ba é Máón mac Sheamái. Ghin Máón Béit Zúr.


agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám


Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.


Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.


taobh leis-sean rinne Sealúm mac Hallóchéis, uachtarán ar leath dhúiche Iarúsailéim, agus a chlann [mhac] deisiú.


Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.


taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;


taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;


Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú.


Sin é coiste Sholaimh, trí fichid laoch thart air, ó shárlaochra Iosrael;


I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.


Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví. Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.


Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,


“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.


Halhúl, Béit, Zúr, Gadór,