Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 3:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Acht sé Sallum mhac Col‐hoseh, úachdaran coda do Mhispah, do rinne geata an tobuir; do thóg sé é, agus do chuir díon air, agus do chuir a dhoirse súas, a ghlais, agus a bharrada, agus balla locháin Shiloah láimh re gáirdín an rígh, agus go nuige na staighreacha théid síos ó chathruigh Dháibhi.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 3:15
19 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.


rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d'éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá.


Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.


lena ghaolta Seamaiá, Azarael, Milealaí, Gilealaí, Mái, Natanael, Iúdá, Hanáiní, agus uirlisí ceoil Dháiví, giolla Dé, á n‑iompar acu. Shiúil Eazrá rompu amach.


Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.


Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.”


taobh leis-sean rinne Sealúm mac Hallóchéis, uachtarán ar leath dhúiche Iarúsailéim, agus a chlann [mhac] deisiú.


Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.


taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann.


Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes.


taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;


Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú.


“As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá,


Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír.


Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?


agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam” - is é sin le rá, Seolta. D'imigh sé, nigh é féin agus d'fhill agus a radharc aige.


Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.


(Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: “Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí