Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m'iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus litir go Asaph coimhéaduigh foraóise an rígh, chor go ttiubhradh sé adhmad damh dá ndéana mé postadha do gheatadhuibh an pháláis noch bheanus ris an ttigh, agus do bhalla na caithreach, agus don tigh iona racha mé a steach. Agus daontuigh an rígh dhamh, do réir láimhe mhaithe De orum.

Féach an chaibidil



Nihimiá 2:8
18 Tagairtí Cros  

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.


Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.


Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.


ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.


mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.


Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.


Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.


Rinne mé garraithe agus páirceanna agus chuir mé gach cineál de chrainn toraidh iontu.


Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú.


Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.


Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:


agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.


Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.