agus dúirt mé leis á fhreagairt: “Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.”
Agus a dubhairt mé ris an rígh, Más toil ris an rígh, agus má fuair do sherbhíseach fabhar ad radharc, go madh toil leachd misi do chur go Iúdah, go cathruigh adhlaicte maithreadh, iondus go ccuirte mé súas í.
Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”
Déantar, dá bhrí sin, le cead an rí, cuardach i gcartlanna an rí sa Bhablóin, féachaint an fíor é gur eisíodh forógra ó Chíoras rí an Teampall seo Dé in Iarúsailéim a atógáil. Cuireadh an rí a thoil in iúl dúinn i dtaobh an ghnó seo.
D'fhiafraigh an rí díom ansin - agus an bhanríon ina suí taobh leis: “Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?” D'aontaigh an rí mé a chur ann agus d'inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.
Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”