Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 13:12 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin thug Iúdá go léir an deachú den arbhar, den fhíon agus den ola, go dtí na stórais.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ann sin thúg Iúdah uile deachmhadh a narbha agus a nfíona nuáidh agus na hola gus na stórúisuibh.

Féach an chaibidil



Nihimiá 13:12
9 Tagairtí Cros  

Agus d'ordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, d'fhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna.


A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.


Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.


Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna.


Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.


An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!


“Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat,