Nihimiá 13:13 - An Bíobla Naofa 198113 Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 Agus do rinne misi stóruighthe ós cionn na stórús, Selemiah an sagart, agus Sadoc an scribhneóir, agus do na Lebhitibh, Pedaiah: agus na ndiáigh sin do bhí Hanan mhac Saccur, mhic Mattaniah: óir do measadh fíréunta íad, agus do bí a noifig roinn ar a ndearbhráithribh. Féach an chaibidil |