Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 13:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Chuir mé ceartú ar na feidhmeannaigh - “Cén fáth a bhfuil Teampall Dé tréigthe?” d'fhiafraigh mé. Agus chruinnigh mé na [Léivítigh] le chéile arís agus chuir mé i bhfeighil a gcúram iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ann sin do aighnis mísi ris na riaghlóiribh, agus a dubhairt, Cread as ar tréigeadh tigh Dé? Agus do chruinnigh misi íad a ccionn a cheile, agus do chuir mé na náitibh féin íad.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 13:11
8 Tagairtí Cros  

Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,


Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!


Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.


An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?


Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.


Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí