Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d'oíche.
Nihimiá 12:8 - An Bíobla Naofa 1981 Agus na Léivítigh: Iéisiúa, Bionnúi, Caidmíéil, Séiribiá, Iúdá, Matainiá - é seo lena ghaolta a bhí i gceannas ar na hiomainn bhuíochais, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Os a chionn sin na Lebhitígh: Iessua, Binnui, Cadmiel, Serebiah, Iúdah, agus Mattaniah, noch do bhí ós cionn an naltuigh, é féin agus a dhearbhráithre. |
Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d'oíche.
Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.
Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.
Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.
Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá.
Clann mhac Léiví: scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha na gcinn finí, ach gan dul thar am Ióchánán mac mic Eiliáisíb.
ach go raibh Bacbuiciá, Unó, agus a ngaolta ina n‑oird ar leith ann mar mhalairt cóir.
Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair.
Bhí Iéisiúa Bionúi, Caidmíéil, Seabainiá, Búiní, Séiribiá, Báiní agus Canáiní ag glaoch os ard chuig an Tiarna a nDia;