Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.
Nihimiá 11:16 - An Bíobla Naofa 1981 Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus Sabbetai agus Iosabad, do thogha na Lebhíteach do bhí ós cionn ghnothuigheadh fhoiriomlach thíghe Dé. |
Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.
Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach d'Iosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna.
Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.
Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.
Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.