Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Do cuireadh Ionatan mhac Asahel agus Iahasiah mhac Ticbhah amháin timchioll na cúisesi: agus Messullam agus Sabbetai an Lebhíteach ag cungnamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:15
7 Tagairtí Cros  

Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.”


Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí,


[ar chlann Bhigví]: Misiulám, Malúc, Iadáiá, Iáisiúb, Seál agus Iréamót;


Háiríf, Anatót, Naebái,


Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé.


Lean Hóiseaiá agus leath ceannairí Iúdá iadsan,


Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí