Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Nihimiá 11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Luchd áitiughadh Ierusalem. 20 Agus ná tíre uile.

1 Agus do chomhnuigheadar úachtaráin an phobail ann Ierusalem: do chaith an chuid oile fós don phobal crannchair, do thabhairt duine as deithneamhar do chomhnuigh ann Ierusalem an chathair náomhtha, agus náoi gcuid a ccaithreachaibh oile.

2 Agus do bheannuigh an pobal na daóine uíle, do thairg íad feín go humhal do chomhnuighe ann Ierusalem.

3 ¶ Anois is íadso rogha an phroibhinsi do rinne comhnuidh ann Ierusalem: acht a ccaithreachaibh Iudah do rinne gach áon comhnuigh iona sheilbh féin ann a ccaithreachaibh, eadhon Israel, na sagairt, agus na Lebhítigh, agus na Netinimigh, agus clann shearbhfhoghantadh Sholuimh.

4 Agus do chomhnuigheadar drong áirigh do chloinn Iúdah ann Iérusalem, agus do chloinn Bheniamin. Do chloinn Iúdah; Ataiah mhac Ussiah, mhic Sechariah, mhic Amariah, mhic Sephatiah, mhic Mahalaleel, do chloinn Peres;

5 Agus Maaseiah mhac Baruch, mhic Col‐hoseh, mhic Hasaiah, mhic Adaiah, mhic Ioiarib, mhic Sechariah, mhic Siloní.

6 Mic Pheres uile noch do chomhnuidh ann Ierusalem do bhádar ceithre chead trí fithchid agus ochtar do dhaoinibh gaisgeamhla.

7 Agus is íadso mic Bheniamin; Sallu mhac Messulam, mhic Ioed, mhic Pedaiah, mhic Colaiah, mhic Maaseiah, mhic Itiel, mhic Iesaiah.

8 Agus na dhiaighsin Gabai, Sallai, naoi ccéad fithche agus ochtar.

9 Agus dob é Ioel mhac Sichri do bhí ós a ccionn: agus bá hé Iudah mhac Sénua an dara ós cionn na caithreach.

10 Do na sagartuibh: Iedaiah mhac Ioarib, Iachin.

11 Seraiah mhac Hilciah, mhic Messullam, mhic Sadoc, mhic Meraiot, mhic Ahitub, dob úachtarán ar thigh Dé.

12 Agus a ndearb ráithre noch do rinne obair an tighe do budh ocht ccéad fithche agus días íad: agus Adaiah mhac Ieroham, mhic Pelaliah, mhic Amsi, mhic Sechariah, mhic Passur, mhic Malchiah.

13 Agus a dhearbhráithre, rogha na naithreadh, dhá chéud ceathrachad agus días: agus Amasai mhac Asareel, mhic Ahasai, mhic Messillemot, mhic Immer,

14 Agus a ndearbhráithre, daoine árrachta a ccródhacht, céud fithche agus ochtar: agus budh é Sabdiel do bhí ós a ccionn, mac aóin do na daóinibh móra.

15 Mar an ccéadna do na Lebhitibh: Semaiah mhac Hassub, mhic Asricam, mhic Hassabiah, mhic Bunni;

16 Agus Sabbetai agus Iosabad, do thogha na Lebhíteach do bhí ós cionn ghnothuigheadh fhoiriomlach thíghe Dé.

17 Agus Mattaniah mhac Micha, mhic Sabdi, mhic Asaph, príomhdhuine do thosughadh bheirthe buidheachuis a nguidhe: agus Bacbuciah an dara a measc a dhearbhráithreach, agus Abda mhac Sammuah, mhic Galal, mhic Iedutun.

18 Na Lebhitígh uile annsá chathruigh náomhtha do bhádar dhá chéad ceithre fithchid agus ceathrar.

19 Mar an ccéadna fós na doirseóirigh, Accub, Talmon, agus a ndearbhráithre noch choimhéad na geatadha, do bhádar céad seachtmhoghad agus días.

20 ¶ Agus an chuid óile do Israel, do na sagartuibh, agus do na Lebhítibh, do bhádar a ccaithreachaibh Iúdah uile, gach aon iona oighreacht féin.

21 Acht do áitigheadar na Metinimigh ann Ophel: agus Siha, agus Gíspah do bhí ós cionn na Netinimeach.

22 Agus ós cionn na Lebhíteach ann Ierusalem do bhí Ussiah mhac Bani, mhic Hassabiah, mhic Mattaniah, mhic Micha. Do mhacaibh Asaph, an lucht ceóil do bhí ós cionn ghnothuigheadh thighe Dé.

23 Oír do bhí aithne an rígh dhá ttaobh, go mbeith cuid ronna áirigh re haghuidh an lucht ceóil, gach aonlá.

24 Agus Petahiah mhac Messesabeel, do chlannuibh Serah mhic Iúdah, do bhí sé re láimh an rígh ann sa nuile chúis a ttaobh an phobail.

25 Agus ar son na mbailteadh, gon a machairighibh, do chomhnuidh cuid do chloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtibh, agus ann Dibon, agus iona bailtibh, agus ann Iecabseel, agus iona bailtibh,

26 Agus ann Iessua, agus ann Moladah, agus ann Betphelet,

27 Agus ann Hasar‐Saul, agus ann Beerseba, agus iona bailtibh,

28 Agus ann Siglag, agus ann Meconah, agus iona bailtibh,

29 Agus ann En‐rimmon, agus ann Sareáh, agus ann Iarmut,

30 Sanoah, Adullam, agus iona mbailtibh, a Lachis, agus iona machairibh sin, ann Asecah, agus iona baíltibh. Agus do áitigheadar ó Bheerseba go gleann Hinnom.

31 Clann Bheniamin mar an ccéadna ó Gheba, do áitigheadar a Michmas, agus Aiiah, agus Betel, agus iona mbailtibh,

32 Agus ann Anatot, Nob, Ananiah,

33 Hasor, Ramah, Gittaim,

34 Hadid, Seboim, Neballat,

35 Lod, agus Ono, gleann na bhfear ceirde.

36 Agus do bhí roinn do na Lebhítibh ann Iúdah, agus ann Beniamin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí