Dá bharr sin go léir rinneamar conradh daingean ar phár, agus chuir ár gceannairí go léir, ár Léivítigh, agus ár sagairt, a n‑ainm faoi shéala na cáipéise;
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.
aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n‑uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh.
Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.
Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.