Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
Matha 9:5 - An Bíobla Naofa 1981 Cé acu is fusa a rá, más ea: ‘Tá do pheacaí maite’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cé acu is fusa a rádh: Tá do pheacaidhe maithte duit: nó a rádh: Éirigh, agus siubhal? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheachaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus siubhail? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír cía is usa, a rádh, A taid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit; nó a rádh, Eirigh, agus siobhail? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé acu is fusa a rá, más ea: ‘Tá do pheacaí maite’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? |
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”
Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “A mhic, tá do pheacaí maite.”
Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”
“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.
Labhair Peadar leis: “A Aenéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé láithreach.