Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite, Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.
Matha 9:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ní chuirtear nuafhíon amh i seanseithí; mar má dhéantar amhlaidh, pléascann na seithí, agus doirtear an fíon, agus scríostar na seithí; ach cuirtear fíon amh i seithí úrleathair, agus fanann ceachtar acu slán sábháilte.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ní chuireann siad fíon úr i sean-bhuidéil: nó briseann na buidéil, doirtear an fíon, agus téigheann na buidéil amugha. Acht cuireann siad fíon úr i mbuidéil úra, agus sábháiltear iad araon. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní chuirid daóine fíon núa a seanbhuidéulaibh: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múgha: achd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaibh núadha, agus bíd síad aráon slán. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.” |
Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite, Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.
Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.
Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”
Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”
Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.
bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;