“Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.
Matha 7:12 - An Bíobla Naofa 1981 “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Gach uile nídh, ar an adhbhar sin, dár mhaith libh go ndéanfadh daoine díbh, déanaigidh dóbhtha-san é: óir is é seo an dlighe agus na fáidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh-se, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe. |
“Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.
Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.
Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.
Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.
Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.