Matha 6:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh déirce, ná bíodh fios gnótha na láimhe clé ag an láimh dheas, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht nuair a ghní tusa déirc, ná bíodh a fhios ag do láimh chlí cad é bhíos dá dhéanamh ag do láimh dheis: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do‐bheir tusa déirc uait, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé créad do‐ghní do lámh dheas: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tan do ní túsa deírc, na biodh a fhios aigad laímh chli creúd do ní do lámh dheas: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas, |
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: “Aire daoibh! ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.”
ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”
Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.”