Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé.
Matha 28:1 - An Bíobla Naofa 1981 Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois nuair a bhí an tsabóid beagnach thart, agus an chéad lá den tseachtain ag bánú, chuaigh Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile a amharc ar an tuama. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ndeireadh na sabóide, nuair a thoisigh an chéad lá de’n tseachtmhain a ghealughadh, tháinic Máire Magdailéin, agus an Mháire eile, d’fheiceáil an tuamba. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tar éis na sabóide, agus an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú, tháinig Máire Mhagdaléne agus an Mháire eile leis an tuama d’fheicsin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a ndeireadh na sábbaide, an tan do shoillsigh an céud lá don tseachdmhuin, táinic Muire Mhagdalén agus an Mhuire eile, dféachain an túama. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe. |
Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé.
Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe.
Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.
An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu.
Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin,