Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”
Matha 27:62 - An Bíobla Naofa 1981 Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus lá ar n-a bhárach, an lá i ndiaidh an ullmhuighthe, tháinic uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh le chéile chuig Pioláit, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus lá ar n‐a bhárach, an lá tar éis an Ullmuighthe, do bhí uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cruinnighthe le chéile i láthair Phioláid, agus adubhradar, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an lá andíaigh a nullmhuighthe, do chruinnigheadar úachdaráin na sagart agus na Phairisínigh go Píoláid, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an lá ’n-a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Pílát, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an Ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Píoláit |
Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”
Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid)
Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!”
Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.
Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.