Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:53 - An Bíobla Naofa 1981

tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d'Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag teacht amach as na tuambaí dóibh i ndiaidh a eiséirghe, tháinic siad isteach chun na cathrach naomhtha, agus thaisbeán siad iad féin do mhórán.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus ag teacht amach as na tuamaibh dóibh tar éis a aiséirighthe, do chuadar isteach sa gcathair naomhtha, agus d’fhoillsigheadar iad féin do mhórán.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ndul a mach as na tuámuidhibh dhoibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach do chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

tháinig siad amach as na tuamaí tar éis dʼÍosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán.

Féach an chaibidil



Matha 27:53
7 Tagairtí Cros  

Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.


Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael arb é Tiarna na Slua is ainm dó.


Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é


ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.


Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.


Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.