Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
Matha 27:48 - An Bíobla Naofa 1981 agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar an bhomaite rith duine acu, ghlac machdual, agus líon le fínéigir é, agus chuir sé ar ghas cuiscrighe é, agus thug dó le h-ól. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair do rith duine aca, agus ag glacadh spuinnc dó, do líon sé de bhínéagra é, agus chuir sé ar bhárr giolcaigh é, agus thug sé le n’ól dó é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse, agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é, agus thug sé le n-ól dó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. |
Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól.
Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,”
Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.”
Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige