Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:10 - An Bíobla Naofa 1981

agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thug siad ar pháirc an chriathadóra iad, mar a d’órduigh an Tighearna damh-sa:

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus thugas iad ar ghort an chriadóra, mar d’órduigh an Tighearna dhom.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tugadar íad ar mhach an photadóir, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.)

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dom.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar a bheartaigh an Tiarna dom.”

Féach an chaibidil



Matha 27:10
2 Tagairtí Cros  

Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.


“Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d'airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.