Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.
Matha 26:52 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar ais ina áit féin: óir gach aoinneach a ghlacfas an chlaidheamh, is leis an chlaidheamh a thuitfeas sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: oír gach uile dhuine ghlacus cloidheamh is le cloidheamh thuitfeas sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. |
Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.
Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”
Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.
Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”
Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”