Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 26:48 - An Bíobla Naofa 1981

Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus an té a bhraith é, thug sé cómhartha dóibh, ag rádh: Cibé a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin é: beirigidh air.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus an fear do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, g‐á rádh, An té d’á dtabharfad‐sa póg, is eisean é: beiridh air.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a sé sin é: beiridh air.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”

Féach an chaibidil



Matha 26:48
7 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.


Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.


Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.


Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.”