Matha 26:44 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghá bhfágáil dó, d’imthigh sé arís, agus ghuidh sé an tríomhadh h-uair, ag rádh an bhriathair chéadna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhág sé arís iad, agus do‐rinne sé guidhe an treas uair, agus é ag ath‐rádh na bhfocal céadna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na bhfagbháil, do imthigh sé a rís, agus do rinne sé urnuighe an treas úair, ag rádh na mbríathar céadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. |
Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche: