Matha 26:19 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rinne na deisciobail mar a d’órduigh Íosa dóibh, agus d’ullmhuigh siad an Cháisc. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduigh Íosa dhóibh; agus d’ullmhuigheadar an cháisc. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinneadar na deisciobuil mar do aithin Iósa dhíobh; agus do ullmuigheadar an cháisg. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dhein na deisgiobuil mar a dh’órduigh Íosa dhóibh, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus dʼullmhaigh siad an Cháisc. |
“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal.
Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”